Gaeilge Bheo > Leagan Gaeilge > Baile > Nuacht   irish holidays
 

Nuacht - Gaeilge Beo

Cúrsa Taithí Teangan - Cúrsa Gan Costas ( Free Irish Course)


Tá cursa "Taithí Teangan" faoi stúir Ghaeilge Beo urrithe ag Seirbhísí Oideachais Chíarraí ag tosnú ar an
6ú Deireadh Fomhair i mBaile na nGall ar a 2.00 i.n. go dtí na 5.00 i.n.

Ón a 2.00 i.n. go dtí na 4.00 i.n. ag siúl, ag comhrá, ag plé Stair, Tíreolaíocht, Seandálaíocht, Logainmneacha
agus scéalta mór an tsaoil.

Ón a 4.00 i.n. go dtí na 5.00 i.n. trá na gCeist Boird bunaithe ar a dtaithí an lá san

Clárú agus eolas breise ó T.P. 086.8191942. nó Séan 087.2460507
Ríomhphost: info@gaeilgebeo.com


 

D”OSCAIL AN tAIRE EALAÍON SPÓIRT AGUS TURASÓIREACHTA, AN tUASAL JOHN O’DONOGHUE, T.D.
GAEILGE BEO AG SEOLADH OIFIGIÚIL I D’TIGH T.P’S, BAILE NA NGALL
AR AN AOINE 13Ú D’AIBREÁN

gaeilge beo
Ag an Lainseáil Oifigiúil, Gaeilge Beo - Saoire Gníomhach Cultúrtha. Chun Tosaigh , Ó Chlé go Dheas, Sean Brendan O' Conchuir, Gaeilge Beo, John O' Donoghue, an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, T.P. O'Conchuir, Gaeilge Beo, Canon Pádraig O'Fiannachta and Eamonn O' Neachtain, Údarás na Gaeltachta. Ar Cúl , Ó Chlé go Dheas, Caroline Ní Luing, Máire Uí Léime, Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Thomas Fitzgearld, Bárd Na Gleann.


Ar DÉ hAoine an 13ú AIBREÁN ag 6.30i,n, D’oscail an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, John O’Donoghue, Gaeilge Beo -Saoire Gníomhach Cultúrtha, go hoifigiúil i dTigh T.P’s, Baile na nGall.

Is tionscnamh nua é Gaeilge Beo de chuid beirt fhear aithnidiúil ó Bhaile na nGall, T.P. agus Seán Brendan O’Conchúir, ina bhfuil saoirí gníomhaíochta atá deartha go sainiúil á thairiscint trí mheán na Gaeilge. Tá an tsaoire ghníomhaíochta uathúil seo forbartha mar fhreagra díreach ar éileamh méadaitheach i margadh na turasóireachta le haghaidh gníomhaíochtaí sóisialta agus cultúrtha as Gaeilge.

Agus é ag labhairt ag an lainseáil dúirt, T.P. O Conchúir, ó Gaeilge Beo “Níl Gaeilge Beo ach mar pairt bheag de rud éigin an-mór. Ó bheith ag labhairt le daoine, mhothaigh mé go raibh nideog ann don chineál seo táirge, teastaíonn ó dhaoine a gcultúr agus a dteanga Éireannach a ghlacadh chucu féin agus teastaíonn uathu idirgníomhú agus Gaeilge a labhairt. Is féidir linn aon chineál gníomhaíochta a eagrú a lorgaíonn lucht na saoire agus iad ar fad trí mheán ár dteanga dúchais, is cuma cibé cnocadóireacht, ranganna potaireachta nó ranganna rince seit atá i gceist is féidir linn pacáiste a chuir le chéile de ghníomhaíochtaí difriúla dá mbriseadh deireadh seachtaine. Táimid ag súil go mbeidh an pobal iomlán páirteach sa tionscnamh seo agus go mhéadóidh sé turasóireacht chuig ár sráidbhaile beag álainn, ina bhfuil an oiread sin ar fáil. Tá ár dtraidisiúin ríthábhachtach dúinn, ní foláir dúinn leas a bhaint as ár gcultúr gleoite agus táimid ag súil le teanga na Gaeilge a choimeád beo”.

Sula rinneadh Gaeilge Beo a lainseáil go hoifigiúil, dúirt John O’Donoghue, Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, “Tá gníomhaíochtaí saoire á dtairiscint anseo trí mheán na Gaelainne i gcroílár Ghaeltacht Chiarraí do ghrúpaí ag Gaeilge Beo. Tá an t-éileamh atá ar an sórt seo de ghníomhaíocht saoire atá á tairiscint ag Gaeilge Beo ag dul i méid de réir a chéile agus tá páirt an-tábhachtach aici i bhforbairt na turasóireachta i gCiarraí agus sa Ghaeltacht ach go háirithe. Comhghairdeas le gach aon duine a raibh baint aige nó aici leis na seirbhísí iontacha seo.

Rinne Monsignor, Ollamh agus Canónach Pádraig Ó Fiannachta, atá b’fhéidir ar cheann de na scoláirí Gaeilge is aithnidiúla, beannú speisialta ag an lainseáil agus chomh maith d’fhreastal na daoine seo a leanas ar an ócáid, Eamonn Ó’ Neachtain, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta, Máire Uí Léime, Bainisteoir Réigiúnach na Mumhan de chuid Meitheal Forbartha na Gaeltachta, Thomas Fitzgearld, Stiúrthóir Bainistíochta de chuid Bard Na nGleann, Breandan MacGearailt, Comhalta Boird Údarás na Gaeltachta agus Comhairleoir Áitiúil, Tomás MacGearailt, Seanadóir Scortha, Michael Hennessy, Bainisteoir Margaidh de chuid an Bord Iascaigh Mhara, Martin Kerin, Cathaoirleach de chuid Irish Traditional Netsmens Association, John Sheehy, Uachtarán Cumann Lucht Tráchtála An Daingean agus réimse lucht gnó agus daoine áitiúla ón bpobal.

Bunaithe i mBaile Na nGall ar Leithinis Chorca Dhuibhne i gCo. Chiarraí tairscíonn Gaeilge Beo saoire gníomhacha, atá deartha go sainiúil d’fhonn freastal ar ghrúpaí dhaoine fásta ar mian leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge agus a taitneamh a bhaint as na gníomhaíochtaí sóisialta agus cultúrtha atá á thairiscint ag Leithinis Chorca Dhuibhne.

Is féidir le Gaeilge Beo deireadh seachtaine a eagrú le haghaidh ghrúpaí sa Ghaeltacht ar mian leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar nós turais staire áitiúla, ceol agus rince traidisiúnta, cnocadóireacht, péinteáil, potaireacht, gníomhaíochtaí uisce agus gníomhaíochtaí spórtúla eile. Is féidir le na grúpaí buaileadh leis na dúchasaigh agus taitneamh a bhaint as an gcraic agus as ceol na Gaeltachta leis an mbónas breise d’áilleacht Iarthar Chiarraí. Tá na saoire dírithe go príomha ar aosaigh d’aois 18 agus níos sine, a bhfuil bun leibhéal Gaeilge acu agus a bhfuil an deis uathu a gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh agus a fheabhsú, ach freastalaíonn sé orthu siúd freisin nach bhfuil aon Ghaeilge acu agus a theastaíonn uathu cultúr na Gaeilge a fheiceáil.

Tá áiseanna den scoth ag Gaeilge Beo i sráidbhaile iascaireachta Bhaile na nGall le Tigh TP’s, bialann agus lóistín san áireamh sa Coast Guard Lodge 4 réalt atá formheasta ag Bord Fáilte atá os cionn a thrá agus chuan áite. Tá pacáistí saoire ar fáil leis an rogha lán nó leath iostas agus iostas féinfhreastail ar fáil. Is féidir le lucht saoire pacáiste a dhearadh dóibh féin d’fhonn riachtanais na gníomhaíochtaí dá ghrúpa a chomhlíonadh.

Tá Gaeilge Beo faoi chomh-údarás ag, T.P. agus Sean Brendan O’Conchuir. Cinnteoidh a chomhthaithí sa tionscal turasóireachta go mbainfidh lucht saoire na Gaeilge taitneamh as clár gníomhaíochtaí uathoibríoch agus beomhar ag Gaeilge Beo. Tá suíomh gréasáin nua de chuid Gaeilge Beo curtha chun seoil ag www.gaeilgebeo.com freisin áit inar féidir le lucht saoire na roghanna saoire difriúla atá ar fáil dóibh a fheiceáil agus áit is féidir leo a gcuid áirithintí saoire a dhéanamh arlíne.

Críocha

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le: T.P. O’Conchuir nó Caroline Ni Lúing
T.P. O’Conchuir, Gaeilge Beo, Baile na nGall, An Daingean, Co.Chiarraí
Guthán: 066 9155143 Fón Póca: 086 8191942 Rphost: tp@gaeilgebeo.com
Suíomh Gréasáin: www.gaeilgebeo.com

Caroline Ni Luing, Pure Public Relations - Caidrimh Poiblí Chorca Dhuibhne.
Guthán: 066 91 59755. Fón Póca: 086 1737724 Rphost: info@purepr.ie

E&oe

pdf Íoslódáil an sceal as Gaeilge mar pdf / Download the Irish Press Release in pdf format Íoslódáil an pictuir / Download a larger image of the launch.
pdf Íoslódáil an sceal as Bearla mar pdf / Download the English Press Release in pdf format    



 
gaeilge email