| |

Tá Gaeilge Beo lonnaithe i mBaile na nGall ar leithinis Corca Dhuibhne i gCiarraí. Cuireann Gaeilge Bheo cláracha de ghníomhaíochtaí cultúrtha ar fáil do ghrúpaí scoláirí go dteastaíonn uathu Gaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar a nGaeilge labhartha i suíomh neamhfhoirmiúil i gcroí lár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne.
Is féidir le grúpaí deireadh seachtaine saoire a eagrú sa Ghaeltacht agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sóisialta agus cultúrtha. Tá clár cuimsitheach de ghníomhaíochtaí ar fáil, mar shampla stair áitiúil, amhránaíocht, damhsa traidisiúnta, siúlóidí sléibhe/staire, péinteáil agus go leor gníomhaíochtaí spóirtiúla eile. Buailfaidh tú le muintir na háite agus is féidir taitneamh a bhaint as a gcomhluadar in áilleacht Ghaeltacht Chiarraí Thiar.
- Faigh blaiseadh d’éagsúlacht na Gaeltachta agus cuir aithne ar na daoine muinteartha a chónaíonn inti; muintir go bhfuil cáil orthu as a gcomhluadar agus as a saibhreas cultúrtha.
- Tá cáil idirnáisiúnta ar stair an cheantair agus ar na hiarsmaí seandálaíochta atá le fáil go flúirseach inti. Trí mhéan na scéalaíochta is féidir dul siar go ré ina raibh cathanna agus laochra, naoimh is scoláirí, fiantas is grá.
- Déan siúlóid ar an leithinis agus gheobhair blaiseadh de dhraíocht agus d’áilleacht na háite. Tá rogha leathan de shiúlóidí ann inar féidir flóra, fauna agus nádúr an cheantair a fheiscint
- Sa tráthnóna is féidir bualadh isteach go dtí an tigh tábhairne le haghaidh seisiún - cuid lárnach do shaol na tuaithe é ina roinntear scéalta, amhráin agus ceol.
Ní ghlacfar ach le grúpaí beaga (uasmhéid 30 ), chun go ndéanfar deimhin de go bhfaigheann tú an t-aire pearsanta go mbeithfeá ag súil leis. Cothaíonn a leithéid d’atmaisféar cáirdiúil timpeallacht inar féidir saoire taitneamhach a chaitheamh.
SPECIAL OFFERS / MARAGAÍ |
Eagrathóirí Grúpaí!
Bheimís breá sásta clár speisialta imeachtaí a eagrú a bheadh oiriúnach dod ghrúpa .Téir i dteangabháil linn agus déanfaimíd gach iarracht cabhrú leat saoire taitneamhach speisialta a eagrú díobh .
Foirm Iarratais


|
|