Gaeilge Bheo > Leagan Gaeilge > Gníomhaíochtaí   irish holidays
 

Éagsúlacht rogha de ghníomhaíochtaí cultúrtha

Bain triail as;

  • Turais Seandálaíochta Áitiúla - Tá saibhreas seandálaíochta i leithinis Chorca Dhuibhne nach bhfuil a shárú le fail in aon áit eile san Eoraip. Tá beagnach 2,000 láthair sheandálaíochta sa leithinis ó réanna éagsúla inár stair. Tá siúlóidí stairiúla aoibhne le déanamh agus tú ag tabhairt turais ar na láithreacha éagsúla seo. Faigh eolas breise ar Chosán na Naomh agus siúlóidí seandálaíochta eile. Cosán na Naomh agus Siúlóidí Eile.
  • Damhsa Tradisiúnta & Amhránaíocht Sean-nós - Foghlaim rince seite, bí páirteach sa chéilí, éist leis an amhránaíocht sean-nóis agus bain taitneamh as an gcraic!

  • Siúlóidí Sléibhte - Ceann de na seoda is luachmhaire dá bhfuil ag an gceantar ná na radhairc aoibhne den fharraige agus de na sléibhte. Slí amháin chun na radharcanna draíochtacha seo a fheiceáil ná tabhairt faoin sliabh de shiúl na gcos. Tá breis eolais ar fail faoi shiúlóidí sléibhe

  • Gníomhaíochtaí Mara - Tá mórán tránna, cladaigh is céanna ar an leithinis agus tugann siad deis iontacht dóibh siúd go bhfuil suim acu i ngníomhaíochtaí mara sult a bhaint as snámh ( le deilf b'fhéidir!), seoltóireacht ghaoithe, tumadóireacht, tonnadóireacht, surfáil, rámhaíocht agus seoltóireacht.

  • Ealáin & Ceardaíocht - Cuireann ealaíontóirí áitiúla clár cuimsitheach de chúrsaí ar fáil do dhaoine fásta ag leibhéil agus ag caighdeáin dhifriúla.

  • Ranganna Potadóireachta - Is féidir lenár bpotadóir áitiúil freastal ar ranganna speisialta do ghrúpaí agus bun phrionsabail na potadóireachta a thaispeáint dóibh.

  • Seisiún Cheoil - Tá traidisiún fada saibhir de cheol agus d’amhráin ar an leithinis. Tá an-shuim i gceol traidisiúnta na hÉirinn le blianta beaga anuas agus is léiriú air seo an oiread cuairteoirí a thugann cuairt chun taitneamh a bhaint as ceoltóirí iomráiteacha na háite. Tabhair leat d'uirlis is beidh fáilte is fiche romhat a bheith páirteach sa tseisiún.

  • Spórt - Is é Contae Chiarraí ríocht na caide agus cáil náisiúnta ar a gcuid peileadóirí. Tá craobh na hÉireann buaite acu go minic agus is é an spórt é is mó a imirítear sa chontae. Imríonn an club áitiúil 'An Ghaeltacht' i bpáirc Ghallarais i rith na bliana agus slua mór bailithe do na cluichí.  Tá cluiche an rugair ag dul ó neart go neart agus tá siad lonnaithe i ngiorracht scread asail do Bhaile na nGall. Imríonn an fhoireann áitiúil, 'Cumann Rugair Chorca Dhuibhne’, a gcuid cluichí ar an Domhnach de ghnáth.

  • Iascach Slaite - Tá rogha áite ag na hiascairí slat lena líne a chaitheamh mar go bhfuil an oiread sin tránna timpeall an chuain. Tá doingean (bass), roc (ray) agus sciata (skate) le fáil chomh maith le leadhbóg (flounder), leathóg (plaice) agus pollóg (pollock). Gheobhfar eascúin (eel) agus éagsúlacht éisc in aice na gcéanna agus na
    n-inbhear.


  • Éanlaithe farraige agus turasanna mara - Is cúis iontais do mhórán daoine na mamaigh, na héisc, na héanlaithe is na plandaí atá ag maireachtáil san Aigéan Atlantach. Is féidir linn turais a eagrú chun cuid den ghliondar a ghabhann le mara beo na farraige a roinnt leat. An raibh tú riamh fiosrach faoi cad a bhí faoi agus os cionn an Aigéin Atlantaigh. Is féidir linne tú a thabhairt ar thuras chun áilleacht chósta Chorca Dhuibhne a fheiceáil agus seans a thabhairt duit rúin ghrinneall na farraige a iniúchadh. Eagraítear turais tumadóireachta dóibh siúd go bhfuil suim acu inti.

  • Galf - Tá cáil ar an ngalf chumann áitiúil as a chúrsa dúshlánach atá snoite isteach le háilleacht an cheantair. Deirtear go bhfuil galf chúrsa Cheann Sibéal ar cheann de na cúrsaí dumhcha is deacra in Éirinn. Bain taitneamh as!

  • Breathnóireacht Éan -Ní fhéadfá áit níos fearr a roghnú le héanlaithe de gach saghas a fheiceáil ná Corca Dhuibhne. Is buntáiste mór é go bhfuil na cnoic, sléibhte is an fharraige chomh cóngarach san dá chéile agus seo ceann de na cúiseanna go bhfuil an oiread sin éanlaithe éagsúla bailithe in aon réigiún amháin. Is radharc coitianta é an meirleach, an gainéad, an chánóg, an crosán, an fiach mara, an circín trá a fheiscint. Tá éagsúlacht mhór éanlaithe atá dúchasach don cheantar le feiceáil chomh maith leo siúd a thagann ar cuairt, m.sh an cág deargchosach.

  • Marcaíocht Capall - Fág fúinne é agus eagróimíd gach a bhfuil ag teastáil uait; capaill den scoth, áiseanna proifisiúnta agus gan dabht cúrsaí marcaíochta a dhéanann freastal ar na haon duine ón tosnaitheoir go dtí an marcach cumasach. Slí iontach is ea é an leithinis a fheiceáil agus tú ar mhuin chapaill.

Tá na gníomhachtaí lasmuigh ag brath go huile is go hiomlán ar an aimsir.

Is féidir linn gach gníomhaíocht a eagrú trí mhéan an Gaeilge.

Tá ár ngníomhaíochtaí trí Ghaeilge agus tugann siad an deis do ghrúpaí taitneamh a bhaint as saoire ghníomhach i suíomh ina bhfuil saibhreas cultúrtha ar fáil. Is féidir linn pacáistí a dhearadh a oireann do ghrúpaí. Is féidir na gníomhaíochtaí a chur ar fáil dhá theangach.

Cén fáth go dtiocfainn
go Corca Dhuibhne ag foghlaim Gaeilge agus ag cur eolais ar oidhreacht na Gaeltachta?


gaeilge beo dingle

dingle activities

dingle activities

dingle activities

Irish Music Sessions

dingle activities

gaeilge beo

Irish Music Sessions

Irish Music Sessions


 
gaeilge email