. . .
Gaeilge Bheo > Leagan Gaeilge > Gníomhaíochtaí   irish holidays
 

Cén fáth go dtiocfainn go Corca Dhuibhne ag foghlaim Gaeilge agus ag cur eolais ar oidhreacht na Gaeltachta?


1) Tá an dúthaigh go hálainn; tá cáil ar na radhairc aoibhne ó Bharr na Conrach, ó na cúig Mhám, ó Cheann Sléibhe gan trácht ar na Blascaodaí.

2) Tá tránna breátha sábhála gainimh ann - Trá Bhéal Bán, Fionn Trá, Trá an Choma agus tránna nach iad.

3) Tá sléibhte arda agus comanna diamhra chun siúlóide agus dreapadóireachta ann - Cnoc Bhréanainn, Com an Lochaigh, Cruach Mhárthain, Sliabh an Iolair. Tá raidhse calaithe agus tránna ann chun seoltóireachta is rámhaíochta agus áiseanna nua-aimseartha ar fáil.

4) Tá áiseanna iascaireachta ann ar aibhneacha, cois farraige, carraige is trá, leat féin nó le hiascairí eile.

5) Tá an dúthaigh breac le hiarsmaí seandálaíochta ó gach aois, go háirithe ón ré luath Chríostaí - Aireagal Ghallarais, Cill Mhaolchéadair, Riasc, Cill na gColmán, Cosán na Naomh.

6) Is féidir turas a thabhairt ar na háiteanna inar rugadh agus inar tógadh filí, scoláirí, seanchaite, scríbhneoirí, ealaíontóirí, a bhfuil a n-ainm in airde sa bhaile agus i gcéin - Tomás Ó Criomhthain, Peig Sayers, Harry Clarke gan ach beagán a lua.

7)Is féidir éisteacht le seisiúin cheoil agus a bheith páirteach iontu, ag amhrán, ag rince, nó ag seinm i hallaí, i dtábhairní, ag céilithe agus i dtithe muintire. Tá scoth an cheoil agus na n-amhrán le clos ó Mhuintir Bheaglaioch, ó Mhaidhc Dainín Ó Sé, ó Eoghan Duignan agus ó cheoltóirí óga agus aosta.

8) Is féidir aithne a chur ar charachtair mar Na Caipíní, Jimmy an Yank, Tommy Ó Beoláin agus fir agus mná eile a bhfuil deisbhéalaíocht agus seanchas ar a dtoil acu chomh maith le togha na Gaeilge.


Irish Music Sessions

gaeilge beo dingle

dingle activities

dingle activities



 
gaeilge email