Gaeilge Bheo > Leagan Béarla > Eolas   irish holidays
 

Cá bhfuilimid lonnaithe? I mBaile na nGall, i gcroí lár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, siar ón Daingean, Co. Chiarraí

Cad a dheinfaimíd ?

  • Cuirfaimíd saoire taitneamhach ar fáil do ghrúpaí daoine fásta trí mheán na Gaeilge, i suíomh gaelach inar féidir leo páirt a ghlacadh i ngnáth imeachtaí laethúla mhuintir na Gaeltachta.

Cé do é ?

  • Grúpaí go bhfuil Gaeilge acu ach go bhfuil an deis uathu í a úsáid agus feabhas a chur uirthi.

  • Grúpaí go dteastaíonn uathu páirt a ghlacadh in imeachtaí spraíúla trí mhéan na Gaeilge.

  • Grúpaí go bhfuil saoire uathu sa Ghaeltacht, labhairt le muintir na háite agus deis a bheith acu úsáid agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

  • Grúpaí de thosaitheoirí go bhfuil fonn orthu an teanga a fhoghlaim. Is féidir linn pacáistí a dhearadh i bhfoirm dhá-theangach a bheadh úsáideach agus praiticiúil dóibh siúd nach bhfuil ach fíor bheagán Gaeilge acu.

Gníomhachtaí:

Turasanna le treoraí, seandálaíocht, stair áitiúil, siúlóidí sléibhe, cluichí, péinteáil & ealaíon, scéalaíocht, amhránaíocht, rince & ceol, gníomhaíochtaí mara, potadóireacht agus alán imeachtaí eile. Féach ar ár leathanach de ghníomhachtaí.

Seo thíos sampla d'imeachtaí deireadh seachtain Gaeilge Bheo;

Tráthnóna Dé hAoine:- Fáilte agus socrú síos id’ lóistín féinfhreastail i Loíste an Gharda Cósta. Bain taitneamh as béile blasta cóirithe i mbialann an tigh tábhairne. Caithfear an béile seo a chur in áirithe roimh ré. Buail le muintir na háite agus bíodh smut den gcraic agat le cúpla pionta i dTigh T.P.

An Satharn:- Bricfeasta, siúlóid sléibhe agus turas seandálaíochta / cultúrtha timpeall leithinis álainn an Daingin. Cuairt a thabhairt ar an músaem áitiúil, Ionad an Bhlascaoid nó an Diseart. Ag braith ar na gníomhaíochtaí atá ón ngrupa féin.

Óiche Satharn:- Buifé um thráthnóna nó dinnéar i gceann de bhialainn cháiliúil an cheantair.  Caithfear an béile seo a chur in áirithe roimh ré. Séisiún de cheol traidisiúnta, Céilí Mór ( Damhsa traidisiúnta - West Kerry Set ) agus cúpla pionta i dTigh TP.

An Domhnach:- Léacht ar an stair áitiúil agus logainmneacha an cheantair nó glac páirt i dTráth na gCeist, cupa tae agus Slan Abhaile!

 

Líon isteach ár bhfoirm iarratais agus lig dúinne an cuid eile a dhéanamh - tá sé chomh simplí leis sin !

Foir Iarratais Arlíne

Stair Áitiúil

Scéalaíocht

walking dingle

dingle irish activities

practice irish
 
gaeilge email